Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 228
- XML “Tobar Naomh Eoin Baiste”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach do theip uirri í dhfághail. Chómh luath agus chuaidh Máire Ní Churráin go dtí an áit fuair sí an chloch chéadna, agus dhein sí an rud céadna agus a dhein sí an chéad uair. Do thárluig an rud céadna an triomhadh bliain. Deirtear gur mó duine a leighiseadh riamh ann. Deireann sean daoine go bhfuil iasc óir gan aon cheann air sa Tobar seo ar an Mináird, agus gur féidir é dh'fheiscint roimh breacadh an lae lá an Phatrúin (29adh lá de Lughnasa.)
(gan teideal)
“Tá cloch mhór i bpáirc Sheamuis Phrindibhil, ar an Eaglais, sa pharóisde seo.”
Tá cloch mhór i bpáirc Sheamuis Phrindibhil, ar an Eaglais, sa pharóisde seo. Deirtear gur cloch bheannuighthe í seo agus go dtugtaí turas sa pháirc fadó. Tá poll i lár na cloiche agus loigín uisce ann. Do tugtaí an turas chun súile tinne do leigheas. Ar dtúis téightí naoi n-uaire timcheall na roilige in aice na h-áite agus ansan naoi n-uaire timcheall na cloiche. Uair amháin do chuireadh an chloch ar chlaidhe ach bhí sí thar n-ais san áit chéadna ar maidin, agus níor bhain aoinne léithe riamh ó shoin.
(Féach leathanach a 53---An Tobar Caoch.