Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 231
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní fada a bhí nuair a chualadar glór éigin. Seo leo anáirde ar chrann agus thug Siobháinín an doras léi. Gaduidhthe a bhí ag teacht, leagadar clár fán gcrann agus thosnuigheadar ag cóireamh airgid anuas air.D'eirig Siobháinín tuirseach ó bheith ag coimeád an bhúird ar an gcrann agus sa deire thuit sé uaithe. Scaipeadh an t-airgead agus baineadh preab as na gaduithe. Ghaibh scannradh iad agus bhaineadar as na cosaibh é. Tháinig an bheirt anuas de'n gcrann agus bhailighidear chughtha an t-airgead. Abhaile leo agus mhaireadar go sona sásta as san amach.
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Núnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí