Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 234
- XML “Scéal Grinn Eile”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fhathaigh deire a chur leis an dtailliúr. Dubhairt sí leis rud éigin a d'fhághail a bhí ag bun bhosca mhóir. Bhí fhios ag an dtáilliúr go gcaithfeadh sí isteach ann é agus dubhairt sé ná féadfadh sé an rud d'fhághail. Chuaidh an bhean féin ag triall air ansan agus nuair a fuair an tailliúr an caoi do chaith sé isteach sa bhosca í agus d'fhág ann í.
- Bhí lanamha ann fadó. Bhíodar saidhbhir ach iad ana shanntach. Bhí sclábhuidhe ag obair acu. Oidhche amhain buaileadh breoidhte fear a' tighe, bhí sé ana bhreoidhte ar feadh cúpla lá agus fuair sé bás. Cúpla lá indiaidh a bháis dubhairt an bhaintreabhach go raibh ana uaigneas uirthe indiaidh Sheáinín. "Dheara," ars an buachaill aimsire, "ní ceart duit aon uaigneas a bheith ort, nár fhág sé airgead do dhóthain agat." "N'fheadar," ars' an bhean, "ar chuireas a dhóthain le na anam?" Cúpla oidhche 'na dhiaidh san chuaidh an sclábhuidhe go dtí an roilig, bhain sé an aibíd de'n duine marbh, agus chuir sé ar féin é mar fear seóidh do b'eadh é. Timcheall lár(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Thomáis Uí Núnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí