Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 238
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an cleataráil ag teacht fá na dhéin. D'fhéach sé agus cad a bheadh ach Siobháinín ag teacht agus í ag tarrac an dorais 'na diaidh. dubhairt sé léi ná raibh aon splannc céille aici agus do rith sé uaithe. Lean sí é agus nuair a tháinig an oidhche chuadar anáirde ar chrann agus rugadar an doras leo. Bhí tigín beag in aice an chrainn, agus ba ghairid gur tháinig scata bitheamhnach fán gcrann ag cóireamh a gcuid airgid t'réis an lae. Do chaith Siobháinín an doras anuas ortha. Do scannruig na gaduithe, do theicheadar agus d'fhágadar an t-ór 'na ndiaidh. Tháinig an bheirt anuas agusthugadar abhaile leo mála mór d'ór buidhe. Do chaitheadar saoghal sona sásta i dteannta chéile as san amach.
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí