Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uamhain (fá thalamh) ag rith ó cheann go ceann díobh. Ní ínnstear aon scéal mar gheall ortha, ach ní bhaineann aoinne leo. Log-na -gCapall----ar theorainn Mináird Thoir. Lios ana bheag atá anseo. Cuma cruinn ar nós an chuid eile. Baile-na-Saor: Lios in aice an bhóthair atá ag rith ó Mináird Thoir go dtí an Bóthar mór. Glaodhtar "Lios an Fhámaire" ar an gceann seo. Tá sé ar thalamh Sheáin Uí Ghairbhiadh. Tá Gleann mór doimhin ar an dtaobh thoir theas de, agus ar an dtaobh eile de'n ghleann tá mhór árd. "Leabaidh an Fhámaire" a ghlaodhtar ar an bpáirc seo. Tá rian nó clais mhór sa pháirc agus deirtear gurbh ann a chodluigheadh fear mór a bhí ar theicheadh ós na saighdiúirí Gallda tráth. Deirtear go léightí Aifrionn sa lios in aimsir na bPéin Dlighthe agus go bhfuair na saighdiúirí gaoth an fhocail lá. Chualadar go mbeadh an "Fámaire" ag dul go dtí an t-Aifrionn agus gurbh fhuirist é aithint mar go raibh sé i bhfad níos aoirde ná aon fhear eile. D'fhaireadar ó pháirc an Fhámaire, agus díreach agus é ag dul isteach sa lios do chaitheadar fá le saighead is bogha agus mharbhuigheadar é.