Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 264
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dathu:
Chun an plainnín bán do dhathú i gcóir chotaí na mban agus araile do bheirbhíghdis (i) preamhacha na sceach, (ii) an samhadh (sorrel) nó cúnlach áirithe a bhíodh ag fás ar chlochaibh (stuif bán). Bheirbhíghdís na h-éadaighe ins an uisce sin agus thugadh sé dath donn do'n eadach. Thógaidís amach an t-éadach agus chuiridís coprus nó logwood san uisce. Bheirbhíghdís na h-éadaighe airís ann agus nighidís go maith iad t'réis iad do thógaint amach. Bhíodh dath dubh ar an éadach ansan agus deirtear go gcoimeádfadh sé an dath gan feodhadh go deo.
Do chuirtí an dathú ar an mbréid mar an gcéadna.Teadáin Ruaimnigh:
Dheinídis téadáin fadó as maing nó earball capaill nó bó. Do thairringídís as a chéile gach ribe de agus leigidís é chun téadáin a dhéanamh de. D'fhágaidís i gcrúcán é go luighfeadh sé ar a chéile ar feadh seachtmhaine. Ansan do dhúblaighdís is do chasaidís é agus bhíodh téadáin ruaimnigh acu. Bhíodh ana stuif ar fad ins na téadáin sin agus do sheasuighdís ar feadh na mblianta. Deintear fo-cheann díobh fós san áit seo. Tá fear ar an Mináird Thiar , Tomás Ó Dúlaing agus usáideann sé ceann diobh fós chun ualach feamanaighe do cheangailt sa chairt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94
- Seoladh
- Gleann na Mine Airde, Co. Chiarraí