Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 267
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Sar a fhágann sochraid an tig, cuirtear amach thar dorais na stóil, cathaoireacha, cláracha agus gach suidheacháin a tugadh isteach ó thighthe eile i gcóir an tórraimh. Cleachtar an nós san fós in Iarthar Chiarraidhe.2. Nuair a thagann an cómhra amach as an tig cuirtear ar stóil é, agus nuair árduightear ar ghuailnibh na bhfear é leagtar na stóil.3. Gabhann an sochraid bóthar áirithe ó gach baile go dtí an reilig. Is minic a bhíonn bóithre níos giorra agus níos fearr ann ach ní maith le daoine an seanchúrsa do thréigint.4. Deirtear nách ceart dul id' aonar go tóirreamh, ná teacht abhaile ach chómh beag.5. Suas go dtí fiche blian ó shoin is ar an mbórd sa chistin do shíntí an corpán. Bhíodh an falla taobh istig de' n mbórd clúdaighthe le bairilín bán. Do síntí dhá pholla nó maidí rámha ó chúl lochta go dtí an lochta ag bun na cistineach. Do síntí baralthín bán eile eatorra so os cionn an chorpáin. Do fhuaghtaí an baralthín so go h-órnáideach ar dhá pholla. Ar bhórd inaice leis an chorpáin bhíodh dhá choinneall déag, aon cheann déag ar lasadh ist oidhche agus ceann amháin múchta.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí