Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 281

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 281

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 281
  3. XML “Scéal - Na Trí Comhairlí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ars' an seanduine. Ní fada a bhí sé istigh nuair a tháinig bean bhreágh óg isteach. Dhein sí bonnsa i lár an tighe agus d'fhéach sí ar Sheán. Thug sí léithe árus ag triall ar uisce. Nuair a chuaidh sí amach d'fhiafruigh Seán de'n tseanduine cérbh í sin. Dubhairt sé gurbh í a bhean í. Chuimhnig sé ar an tarna cómhairle agus dubhairt sé go raghadh sé amach ar feadh tamaill. D'imthig sé fá dhéin cruach an fhéir, dhein sé poll mór isteach innte, chuaidh isteach agus thairrig an féar isteach ina dhiaidh. Bhí poll beag amach tríd an bhféar. Ba ghearr go gcualaidh sé fear ag teacht. Stad sé ar aghaidh na cruaiche amach. Bhí capall aige. Do thúirling sé den gcapall agus do cheangail de'n gcrann í. D'imthigh sé fé dhéin an tighe. Nuair a fuair Seán imthigthe é d'eirigh sé amach. Thairig sé scian as a phóca. D'iompuig sé chuige bóna na casóige agus bhain sé leithead pingine aiste. Bhuail sé an píosa go deas cruinn isteach 'na phóca. Leath sé an chasóg ar an gcapall airís agus chuaidh isteach san áit céadna. Ba ghearr go gcualaidh sé an seanduine ag scréachaig is ag béicig. I gcionn tamaill tháinig an fear óg agus an bhean óg ar a aghaidh amach agus 'sé an rud a bhí ar siubhal acu ná go ndearbhóchiadís gurbh é Seán a mhairbh an seanduine. Scaradar. D'éirig Seán agus ghread sé leis. Lár
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge