Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 285
- XML “File na Mine Airde - Pádruig Ó Briain”
- XML “Caoineadh an Athar Eoghan Ó Súilleabháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)naomhtha i gConndae Chiarraidhe na go dtugadh sé, agus ní h-aon uair amháin a chuaidh sé go "Knock" i gConndae Mhuigheó de shiubhal cos. Thugadh sé abhaile leis paidríní, iomaighthí beaga, agus rudaí beannuighthe eile d'á cháirdibh - tá cuid des na rudaí a thug sé ag daoine fós san áit seo. Do mhúineadh sé an Teagasc Chriostuidhe do leanbhaí áirithe a bhíodh ag ullamhú i gcóir Sácraimínt dul fá laimh Easbog, agus b'é a bhí go maith chuige.Fear lúthmhar láidir a b'eadh é. Labaharann daoine fós mar gheall ar an gaisce a dhein sé nuair a léim sé an bóthar, ó chlaidhe go claidhe, i lár Baile na Mináirde Thiar. Deirtear leis 'na thoabh gur fhág sé Tráighlí lá díreach agus an cóisde ag fágaint agus gur túisce a shrois sé Baile na Saor (sin 23 míle taobh thair de Thráighlí) ná mar dhein an cóiste.
- (Cailleadh an tAthair Eoghan 1856)
Anso cúpla bhéarsa do Caoine an Athar Eoghan Ó Suilleabháin:
"A Dhochtúir diadhachta mo dhoilgheas géar tuAg dul fá liogaibh go claoidhte tréith lag;Glóire'n teampaill is gan amhras réiltheann,An t-aodhaire dílis bhí fíor d'á thréadaibh.
D'imtig an laoch mear, mo léan! Ró luath uainn,Ag moladh na Trionóide agus a glóire shuanmhar.La Pheadair is go deo beidh tuairisc,Go ndeaghais fé'n gcoróinn go deo gan buaireamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)