Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 287
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Seo thíos amhrán a chúm Pádruig Ó Briain mar ghell ar a bhád féin”
(ar lean ón leathanach roimhe)III
Chualaibhse trácht ar an airc úd,
Ós na flaithis de bádhadh an domhan.
Nó ar gcualaibhse trácht ar an airc úd
Do thug seacht má agus lá ar an bpoll.
Noa do b'ainm d'á máighistir
Agus bhí buadh aige ó Árd Rí an domhain,
Agus is dóigh liom go mhairfeadh mo bádsa
Seacht mí agus lá 'na dhiaidh.
IV
Níl déil a bhí a déanamh mo bhadsa,
Ach 'motheaganaí! áluinn buidhe
Do tháinig a chine thar sáile
Agus ar a thosna do bhí bláth na n-ubhall.
Dair an chuid eile d'á frámaí
Is eilim a bogha is a sriúir
Sin críoch agus deire mo bhádsa
Is cé dhéanfadh a patrún.(gan teideal)
“Tobar na Múdán is ró bhréagh a íochtar ...”
Tobar na Múdán is ró bhréogh a íochtar
Mar a bhfuil cé ann ag bhaid ag trághadh 'gys ag lionadh
Agus an mhuinntir atá óg ann go deo ní bheidh críonna
Ó bheith ag éisteach le céolta na lonndraig aoibhinn.
Tá an bhreac gealsh an bradán ann 'gus an seadán ann ós na líonta,