Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 294
- XML “Comhrá na mBithiúnach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Long agus Fianna Éireann,
Imtheóchaidh siúd rómaimh mar dh’imtheóchaidh leoithne dén gceo
Is go bhfuilid siúd feobhaibh ar daolaibh,
Féachaidh airís beart agus baois, cleas agus díth na chéille
Nuair a thiocfaidh Mac Dé agus a chuisle le na thaobh
Chun ár gcurtha go léir d’éisteacht
Súidhidh amuich ar mhaoilinn an chnoic
Go fioghar na gcrois céasda
Beidh a leabhar aige ‘na láimh agus glaoidhfidh go h-árd
Chun cúntas do thabhairt ar ár laomhdha
Tiocfaidh andeas go beannuighthe ‘nár measc
Shí annir na dtreabh naomhtha
Agus leigfidh sí siúd í féin ar chealg a(r) dá ghlúin
I ngachairt ar ár bprionnsa naomhtha
Níl breitheamh i gcúirt is treise dar liom
Ná an banaltra múinte béasach,
Agus go ngeobhaidh sí siúd aithne súl
Ó'n leanbh gur suathadh cléibh di.
Tiocfaidh adtuaidh go feanaideach fuar
Sluaighte agus deabhad in Éirinn,
Agus scriosaid leo sios go h-iofrann
Gach anam dá’r mbuidhean a daorfar.
Ní díon dóibh ansan coillte na cnoic,
Agus diolaid as a gcuid saoghalta,
Mo chreach mór is mo chás mar is dealbh é ár lá
Mara go flaitheas na ngrást a thriallfam.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí