Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 297
- XML “Naomh Mártain”
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a dhein sé riamh. Is gairid gur tháinig fear agus capall aige go dtí an priosún. Glaoidh sé ar Mhártan agus chuir sé ar a chúlaibh ar an gcapall é. Thug sé Mártan abhaile go dtí na thig féin ach sar ar d'imthig an marcach uaidh dubhairt sé gurbh' é féin Naomh Mártain agus ainmhidhe do mharbhú 'na onóir. Mhairbh Mártan tarbh a athar agus bhí an Naomh ana bhuidheach do. Marbhuigheann gach aoinne rud éigin ó shoin i leith in onóir an Naoimh.
(gan teideal)
“Bhí fear darbh ainm Mason ina mháigistir ar Thig na mBocht sa Daingean uair.”
Bhí fear darbh ainm Mason 'na mháigistir ar Thig na mBocht sa Daingean uair. Protastúnach ó Shasana a b'eadh é agus bhíodh sé an dhian ar na daoine bochta abhí istigh. Bhí an ghráin acu air agus chúmadar na línte seo dhá aoireadh:-
'Se Mason an Bradaire de Shasanach beag grándaNár thuill a bheith sa Union mar cheann ar na PaupersThéidheadh sé siúd abhaile uainn is nár thagaidh sé na shláintePé áit go bhfaighmíd fear 'na ionad a dhéanfadh ceart sa Hall dúinn.- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 95
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann na Mine Airde, Co. Chiarraí
(gan teideal)
“Bhí Ministir i mBaile an tSagairt in aice an Daingin seachtó bliain ó shoin agus b'é an ainm a bhí air ná Thompson.”
Bhí Ministir i mBaile an tSagairt i n-aice an Daingin seachtmhó bliain ó shoin agus b'é an ainm a bhí air na Thompson. Bhí tineóntaithe fá agus bhí sé ana dhian ortha. Chuaidh sé go Sasana d'aon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 95
- Seoladh
- Gleann na Mine Airde, Co. Chiarraí