Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 403
- XML “Scéal”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Áit Ainmneacha
(Na bailtí fearainn 's Páirceanna)Glaodhtar Mínaird ar an bparóiste seo mar go bhfuil árdáin beaga ann. 'Siad so na bailtí atá ann:-(1)Mináird Thoir: Glaodhtar Minaird bhuidhe air chómh maith mar go mbíodh na páirceanna ann buidhe le daffodils (Lus an Cruinn Cinn) nuair bídís fá bláth.
(2)Gleann na Mináirde: De bhrigh go bhfuil
gleann doimhin an aice an bhaile.
(3)An Mináird Thiar: An baile is sia siar diobh. Cuid den mbaile seo anois iseadh an Rín atá ar an dtaobh theas de ar bhruach na farraige.
(4)Na Dúnta: (Na Dúnta thoir, Dúnmeánach agus na Dúnta thiar). Na Gort Ghlasa cuid den mbaile-páiste glas ar taobh an chnuic siar ón mbaile
(5)An Eaglais: Is sa bhaile sin a bhí an sáipéal sar ar tógadh i Liospóil é. Tá roilig ann anois.
(6)Cill Mhuire: Ar an dtaobh theas den scoil ar bhruach bhág an Daingin. Bhí teampall ann fadó, roilig leis, agus tá tobar beannuighthe ann-Tobar Naomh Eoin Baiste.(leanann ar an chéad leathanach eile)