School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 411
- XML “An Eaglais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Eaglais
Cúlóigín an Aifrinn: Bhí seipéal sa bhaile seo os cionn céad bliain ó shoin.
Páirc na Crosaire - in aice le Crosaire na Muarc nó mBúrc?? n'fheadar aoinne cad' na thaobh gur glaodhach an ainm sin ar an gcrosaire - sean ainm 'seadh é.
Cruibín na Muice a ghlaodhtar ar an gcrosaire seo leis.
Ínnstear an scéal seo leanas mar gheall ar Cruibín na Muice: - Chuaidh an Gaduidhe Dubh ó Átha na Charabaill ó dheas go dtí an Mináird oidhche agus d'arduig sé muc leis. Agus é ag dul abhaile stad sé tamall ag an gcrosaire seo agus bhuail sé an mhuc taobh leis ar an gcarraig. Nuair a d'eirigh sé chun imtheacht bhí cruibín de'n muic ceangailte leis an gcarraig agus ní fhéadfadh sé an mhuc do bhogadh as an áit. Abhaile leis ach tháinig sé go dtí an áit chéadna go luath ar maidin airís. Ní bhfuair sé tásc ná tuairisc na muice ach thug sé fá ndeara rian na crúibe go doimhin ar an gcloich.Béal an Átha: an pháirc in aice an átha san abhainn.
Páirc a' Staighre - í ana árd.
An Pháircín Lín - líon ag fás ann fadó.
Fearann Brún - Is dócha gur le duine darbh ainm Brún é uair.
Páirc an Aitinn.
Páirc a' Leasa