Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 418
- XML “Ainmneacha Cósta - ó Chnoc na hAcraí go dtí Ceann Tairbh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Faill a' Gainmhidhe
Tá tráig beag gainmhidhe fá na bun.Faill Bhrighde, Faill Shiobhán, Faill Speillisí, Faill Shiobhán, Faill Mhuiris a Chinn:
Bhí mórán daoine bochta ar an Mináird Thiar fadó agus bhídis ag baint iascán 7rl. ar na faillteacha so. Is ó chuid acu san do h-ainmnigheadh na faillteacha luaidhte thuas.Leac Nóra
Bhí bean ón Mináird Thiar ag baint iascán ar an gcarraig sin nuair a bádhadh í.Faill Bhriste:
Cuas a' Mheidire:
An fhairrge ag briseadh isteach ann agus ag déanamh ghlóir ar nós na cuiginne (meadar)Cuas na Séideóige:
Tagann na tonntacha amach as go briste garbh.Oileán na nDeór:
Carraig an-mhór inaice na faille. Tonnta ag síor bhualadh ina coinnibh agus an t-uisce ag tuiteam anuas de 'na bhraonacha.An Gob
Rinn beag talmhan ag rith amach sa fairrge. Tá sé mar theorainn ar an dtaobh theas de "Bhéal a' Chuain."Béal a' Chuain:
An cuas taobh thiar de Mináird Thiar. Gheibheann muinntir na h-áite gainimh, grean, agus feamanach chun leasú talmhan go flúirseach ann. An tOileáinín Glas:
Píosa beag talmhan i bhfuirm oileáin inaice "Béal a' Chuain". D'fhéadfá dul isteach ann nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)