Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 437
- XML “Seanamhrán”
- XML “Seanamhrán - Mac Fhinghín Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán (ar lean)
“Tá mo chosa scólta 'na gclogair dóighte ¶ Ó shiubhal na mbóithre a's na sléibhte fraoigh”
(ar lean ón leathanach roimhe)Guidhim na grásta óm chroidhe gach lá leat
Agus Dia mar ghárda leat anonn
Tógadh suas iad ar fuaid na gcuanta
Agus is é mo bhuaireamh ná rabhas 'na dtreo.
Mo chéas, is cruaidh mo chroidhe gan fuascailt
Go raghad uaidh agus abhfad 'na dheoidh.Pádruig Ó Cinnéide (19 mbl) a scríobh an t-amhrán so cúpla bliain ó shoin, ó bhéal aithris Mhicíl Úí Bhuidhléir, sean duine a bhí ar an mbaile agus a cailleadh dhá bhliain ó shoin.
Pádruig Ó Cinnéide,
Bánóg, Abha na Scáil.- M'osna tré Luimneach,Connacht is Clár fá chumha,
Is go Corcaig na loingeas thar tuinn dá dtéighinn de sciúird,
Ár ngiúistís chothaig, ár gcuspa, ár laoch glan clúmhail
Ár gcara,ár gcuradh, ár gcumann, ár laoch fuair clú.Clú is ceannas is acfuinn ó'n Rí cómhachtach
Do bhíodh id' ghlaic is fearr ó'n Rí Chóige
Níl dún ná cathair fá ghlasaibh ag Rí Sheoirse
Nách go dubhach id easba is na bailtí go síor brónach.Is brónach athtuirseach ó'n gcathair go léim láidir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eiblín Bean Uí Aghas
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Gleann na Mine Airde, Co. Chiarraí