Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 441
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí sagart Pharóisde in Oileán Chiarraidhe fadó, an táthair Muiric Ach Gearailt. Do bhailigheadh sé airgead ag geata an tseipéil agus ní leigfí isteach aoinne ná díolfadh an t-airgead. Do bhuail Uilic Ó Céirín chuige Domhnach áirithe agus dubhairt:-
"A Athair Mhuiris thuigis is do leighis a lán,
Agus chuaidh thar tonntaibh fá thuiscint do chéile ghnáith,
An bhfuair riamh duine gan scilling ná raol 'na láimh,
Cead suidhe ná luighte i gcúirt clúthmhair Mhic Dé na nGrást. Má's airgead ghníos beannuithe na daoine ar fad,
Dada de níl agamsa ná puinn im' theach,
Tá Lazarus chómh taithneamhach ag an Rí atá ar neamh,
Le hAllastrom a shealbhuig an righeacht ar fad.D'fhéac Uilic 'na thimcheall ansan ar an ngasra a bhí lasmuich de'n ngeata toisc gan an t-airgead a bheith acu le díol, agus dubhairt:-
"Is díombhaidheach liom bochtáin ar thaobh an bhóthair,
Agus fuacht ar a gcosaibh de dhíth bróga,
Ag gearán a gcruadhchás leis an Rí glórmhar,
Agus lucht sparán os cionn cáich 'na suidhe ar stólaibh."D'oscail an tAthair Muiris na geataí ansan agus dó leig na daoine isteach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ghailleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Na Dúnta Thoir, Co. Chiarraí