Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 442
- XML “Seanscéal”
- XML “Scéal - Piseogacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Oidhche go raibh file éigin eile i dtig Uilic do bhíodar ag seanachas cois na teine. Thárla go raibh nead éin sa tsimné agus gur thuit sé anuas isteach sa teine. Dubhairt an file :-
"A Uilic Uí Chéirín, is beannuighthe an duine thú,
Agus éinín na spéire ag bailiú teine chughat. Máire Bean Uí Ghailleabháin,(76 bl)
( Baintreach)
Na Dúnta,Liospóil - Bhí bean 'na cómhnuidhe taobh thiar de'n Daingean trí fichid bliain ó shoin. Bhíodh sí ag obair go dícheallach ó Luan go Satharn ag glanadh agus ag scóladh na méiseanna,ach taréis a cuid saothair go léir ní bhíodh im ná uachtar aici. Bhí bean comharsanach ann agus an oiread céadna bó aici ach má seadh bhíodh dhá oiread ime aici sin. Nuair a bhíodh an chéad bhean chun na méasanna do ghlanadh bhíodh an clabhta imthighthe uaithe gach uair. Chonnaic sí clabhta na tarna mná agus dubhairt sí go raibh sé an dheallramhach le na ceann féin, ach ní admhóchadh an bhean eile é. Dubhairt an chéad bhean go raibh diabhaluiocht éigin ag an mnaoi eile mar go mbíodh dhá oiread uachtar aici agus a bhíodh aici féin. Cuir chugham abhaile mo chlabhta, más é atá agat(leanann ar an chéad leathanach eile)