Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 448
- XML “Cath Cham an Áir”
- XML “Tobac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tobac: Tuairim is leath-chéad bliain ó shoin nuair a bhíodh an tobac gann agus ró dhaor dos na daoine bochta do bhainidís úsáid as plannda ar dtugtar an Spúnc. Tá duilleoga móra ar an bplannda so ar nós Purgóid Manach. Dheinidís na duilleoga do shábháil agus do thriomú agus d'fhilleadh ar a chéile i bhfuirm Cigar.Dheinidís bruscar de bhlúirín tobac agus chuiridís isteach 'á leaghadh i gcupa uisce é. Chuiridís an cigar Spúinc isteach san uisce agus d'fhágaidís ann é go dtí go mbíodh blas an tobac súighte isteach aige.
Ansan thriomuighdís é agus bhíodh sé oireamhnach ansan chun é chur sa phíp.