Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhíodar ag éalódh leó ach b’éigin dóibh gabháil tríd an dtráigh. Bhí na saighdiúirí (a..) a dtóir agus dubhairt Naomh Ioseph leis an Maighdean Mhuire go bhfeicfeadh na saighdiúirí rian a gcos ar an ngainnimh. Dubhairt sí go stiúróchadh Dia iad. Ní fada a chuadar nuair a tháinig na cúirliúin agus do scríosadar rian a gcos as an ngainimh. Do theasbáin aingeal é féin dóibh agus dubhairt sé leó gan aon eagla a bheith ortha mar go rabhadar saor anois. Thug Dia an buadh don gcúirliúin ná féadfadh éinne a nead a d’fhághailt amach go deo agus ní fuair. Máire, Bean Nic Gearailt (bean feirmeóra )
Bánóg,
Abha na Scáil. (gan teideal)
“Arsa seanbhean le cailín óg a bhí á lochtú”
Arsa seanbhean le cailín óg a bhí 'á lochtú: -
"Is minic a bhíosa fá mar 'taoise
Mar a rabhasa ní b'fearra
mbéidh' go mbeithfeá níos a measa."
Arsa bacach mar gheall ar baile go raibh daoine doicheallacha ann: -
"Má tá ocras ort ná téighir ann, baile beag briste 'gus a thóin leis an uisce, agus mná gan tuiscint ann"