Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (B.)
- XML Leathanach 028
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mháighistír na anáirde ar an t-simné. Labhair sé uaid anuas ar an stróinséar a tháinig isteach, labhair sé uaid anuas agus d’iarr sé air, cuca buachaill ag lorg maighistir, nó mhaistir ag lorg buacalla. Buacaill isead mé atá ar lorg máigistir mar nuair a theastuigean buacaill ó máigistir lagan an buacaill cun an tighe chuige. An mór a bheadh uait i gcór leat-bliain nó blain. An méid is fiú mé a thabhairt dom agus an meid nách fuí ní bfacha mé é. Seo siúd orm do leithéad a bhuacaill níor thánaig fós riamh orm. Ní chuirim mar airm ort act sé gínn de ba daoireacht, agus gan iad a leigean isteach ar thalamh na bFathach mar fheicead sé a thuile iad. Fuair sé suipéar maith agus leaba breag colata. Codlaig sé a dhóithin an oidhce sin agus ní raibh aon deabha ar eirige ar maidin air, mar ceap sé go glaodfaí air. Nuair a codlaig sé a dhóthin, dfág sé an leabaid agus bhí a brucfeast ollamh roimis. D’ith sé a dhóthin agus níor d’fág sé ocras ar féin. Scaoileadh na ba amach agus cuiread an cailín aimsire le na cos agus taisbain sí an teóra dó, idir é féin agus na bFathach. Bhí sé ag aoireacht na ba ar fead an lá san agus nuair a tháinig an tráthnóna do thiomáin sé na ba abhaile, bhí níos mo baine acu an oidhche san na mar a bhí le seachtmain roimis sin. D’innseach an sgéal don mháigistir go raibh níos mó baine acu an oidhche sin ná mar a bhí seachtmain roimis sin. Labhair sé uaid anuas ar a cheann agus dubhairt se leis, gan na ba do leigeant isteach i thalamh na bFatach mar ní fheicead sé a thuile iad. Dubhairt an buachaill(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Muiris Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Rathaille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí