Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 310
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- CEATHRÚ - na - hABHANNTugtar an t-ainm sin ar an mbaile Fhearainn mar tá an ceathramhadh chuid d'en "Abha Mhuileann" ag rith in-aice leis.
PÁIRC - na - LEASATugtar an t-ainm sin ar an bpáirc:- mar tá lios mór suidhthe innte. Tá an páirc sin suidhthe i bfeirm Mhícíl Ó Dugbhaill i mbaile Fhearainn Ceathrú-na-hAbhann.
DROM LOCHÁINTugtar an t-ainm sin ar an áit, mar bhí bean maith ann fadó, agus thug sí an méid coirce a bhí aice dos na daoine bochtha. Annsan do chur sí lócáin ins an bpáirc, agus d'fás coirce ana mhaith ann.
LIOS - a - PHÚCHATugtar an t-ainm sin ar an áith mar bhí lios ag na Loclannaig ann fadó. Tá an lios san i bfeirm Mhíchíl Uí Ghealbháin.
CUILLEANNAIGHTugtar an t-ainm sin ar an áit mar tá alán crainn cuilinn ag fás ann.
CARRAIG - EÓIN - na - bFÁILECarraigh ana mhór iseadh an charraig san. Tá sé suidhthe i bfeirm Thaidhgh Uí Gealbáin. Chuirtear an ainm sin ar an gcarraig toisc go raibh fear darbh ainm dó Eóin na bFáile in-a chomhnuidhe fé an gcarraigh. Deirtear gur fáitheach a chait an carraig san ó bárr "Stréicín" thuas go Cheathrú-na-hAbhann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí