Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)

Suíomh:
Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 326

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (C.)
  2. XML Leathanach 326
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. 1. "Chómh h-árd le falla, Cómh dearg le fuil,"
    "Chómh bán le bainne, Chómh mílis le mil:-
    "Ubhall aibhidh ar chrann."
    2. "Ceatrar ag rith, ceatrar ag crith, beirt cun treora",
    "beirt cun comraich". A's Mach Uí Giobhlacáin in-na ndiaidh:- Bó ag rith.
    3. Do ritheas, do fuaireas, do shuidheas, do cuardhuigheas,
    Dá bhfafhainn é, ní tabharfainn liom é, Ach nuair ná fuaireas, Thugas:- Dealg un chois.
    4. Bréidín buidhe, ar taobh an tighe. Is ní feidir é a sníomh, ná a réidteach. An Ghrian.
    5. Seanduine beag donn, is a bothán ar a dhrom:- Seilimidhe.
    6. Tobhair beag fíor uisce, Ar fíor barra an t-sléibh,
    Fuinnéog beag ghloinne air, is doras beag chré.:- Súil Duine
    7. Daoine beaga, deasa, ag imirt ag an línn,
    Cótáí dearga ortha agus h-ataí ar a gcinn. Na Siáoga
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.