Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 343
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mór an áis dos na feirmeoírí agus des na ceannuighteóirí na h-aontaigthe sin do bheith ann anois, mar fadó do bhí sé ar na ceannauigtheóirí dul ar fud na tuatha go dtí gach tigh feirme cun na h-ainmhidhe do cheannach. Anois bíonn páirc fé leith i bhfúrmhór na mbailte i gcóir na h-aontaighthe agus is éigin don lucht díolta a stoch do thaisbeáint agus don lucht ceannuidhthe é d'fheiscint.Anois bíonn sé air na feirmeóirí "páidhe a tabhairt ag geata an aonaigh le h-aghaidh gach beithidhigh mar atá, trí pingine ar mhuch, agus sé pingine ar bhuin. Bíonn na h-aontaighthe i ndeire na bliadhna ar na h-aontaigíbh is mó mar bhíonn na ferimeóirí ag sgarúint le na stoc a bhíonn aca roimh an gheimhreadh. Fadó bhí aonach an patrúin i gCíll Gobhnait. Anois bíonn aonach mór i gCíll-Orglan i mí an Mheithimh. Aonach an Phuich a tugtar mar ainm air. Bíonn pocán gabhair ináirde ar áit áird i lár na sráide ar feadh trí lá an aonaigh. Cuirtear ináirde é an oidhce roimh an aonach agus tógtar anúas é taréis an tríomadh láe. Bíonn aontaighthe fé leith i gcóir capall agus banbhaí.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí