Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 345](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0470%2FCBES_0470_345.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 345
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 345
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Muna mbeadh na h-aontuighthe san gceanntar so ní bheadh aon airgead le faghail ag cuid d'es na daoine mar is ag díol muc is banbhaí a mhaireann cuid des na daoine. Bíonn alán aontuighthe fén dtuaith fadó agus níl siad ann anois in aonchor ach táid ins na bailte móra. Cuir na ceannuighteoirí na h-aontuighthe ins na bailte móra ar bun mar thuig said go ba mhór an áis dóibh iad a bheith ins na bailte mhóra.
Tá páirc mór i gCíll Gobnait. Bhí aonach an Pháthrúin ann sar'rar cuireadh i gCíll Orglan é. Tugtar "páirc an Pátrúin" uirthe ó shoin. Tá páirc mór fé leith i gCíll Orglan agus i gCíll Áirne agus gac lá aonaigh bíonn sluagh mór daoine ins na páirceanna san agus ainmhidhthe á ndíol nó a gceannac acu go léir. Dá mbeitheá ann cloisfeá ba ag géimrigh tairbh ag búirtigh agus fir ag lúisgrigh (?).Ar chuid des na h-aontuighthe tugtar "tóll" an ceann ar gac beithidheach a díoltar. Bíonn fear ag an Stáisiúin agus don bhfear so a tugtar é. Uaireannta tugtar raol an ceann dó agus uaireannta eile tugtar leath raol do. Bíonn aonach mór i gCíll Orlgan gach bliadhain agus bíonn daoine ó gach árd ag an aonac so. "Aonac a' Phuic" a tugtar air mar bíonn púcán gabhair in áirde i mbosca agus bíonn sé ag ithe cabháiste.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Súilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Donnaca Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort Buí, Co. Chiarraí