Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ceithre céardchain san paróiste seo. Tá siad suidhte I Lios-a-Phúca, i gCúleanaig, i Chúl Gobhnait agus i gCill-Locháin.
Tá an ceardcha i Chill-Locháin in aice le h-abhainn na Gheadhaighe. Ceann tuighe atá ar chuid acha , agus iarann ar an gcuid eile acha. Builg mór atá i ngach céardchain. Cuireann na gaibhne cruidhte fé chapaill agus asail. Deineann siad píchí, sluaisde, tuaghanna agus ráimhíní do dheisiú. Tá cloch mór in aice le h-abhainn na Gheadhaighe, agus poll mór na' lár, agus is ar an gcloich san a cuireann an gabha atá na chómhnuidhe ann buinn ar rothaibh . Bhí a lán gaibhne san áit seo fadó. Siad na h-ainmneacha a bhí ortha na:- Tadhg Gabha agus Tomhás Gabha a bhí na gComhnuidhe i Drom-Locháin. Diarmuid Ó Dúghbhaill a bhí na chómhnuidhe i gCúleanaigh. Fadó deintí casúir as na blúirí dearga d'imtheóchadh de'n inneóin. Déineadh na gaibhne fadó an inneóin agus an builg as píosa iarrain. Bíonn alán úirlisí ag an ngabhainn, chuir i gcás builg, inneóin, tuagh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí