Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 377](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0470%2FCBES_0470_377.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 377
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 377
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mórán feirmeóirí ins mo ceanntar féin agus tá meadar ag gach ceann aca. Tá meadar beag againn féin agus ní bainimíd mórán úsaide as ach san Samhradh nuair a bhíonn an bainne go hana fluirseach acht um Gheimhreadh ní bhíonn aon bainne againn le choigilt mar níl acht dhá bhuin againn.
Tá an mheadar triocadh is sé órlaigh ar leitheadh agus feicheadh is a ceathair órlaigh ar a bhárr agus feicheadh is a ocht órlaigh ar a bhun. An meadar atá againn tá sé ó'n t-sean aimsear. Bhí sé ag mathair Mham Críona. Is mó ghléiseanna atá ag gach chuigeann mar atá an loinithe, clúid, an cupán. Is foláir dúinn gach ceann díobh san do nighe sar a dheinimíd chuigheann.
Is le h-úachtar a dheinimídh an tím, agus nuair a bhíonn an tím déanta tugtear bláthach ar an mbainne atá fágtha. Nuair a bhíonn an tím á dheanamh thagann mórán stroinséirí isteach agus buaileann síad greas ar an gcuigeann mar deirthear go dthógfaidís an tím go léir leo muna mbúailfidis é.
Tugtar an "Bun" ar an mbainne blátach cúpla lá tar éis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Cobhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí