Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 224
- XML “Na Fíníní”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirigh na Finníní amach ar dtúis i gCathair Uibh Ráthaig agus chuireadar an captaen i "Gingil" go dtí (?) mar ní raibh aon traen ann an uair sin ach do théígheadh na daoine (?) ó áit go h-áit sa ghingil. Do dhein duine éigin spiariacht air. Ach nuair a leandáil (?) sé i gCill Áirne, do bhailig na píléirí timcheall ar an ginghil. Daithinsé annsan go raibh sé díoltha. Do screac sé agus dith sé an méid páipéirí a bhíaige agus d'fhíadh sé, ach do thóadar cuid aca nár fhéad sé stracad agus do thiomaineadar pileir ar chapall do h-Uibh Rathach. Fé'n am ceudhna cuaidh na finníní go dtí stáísiún gailb i n-a raibh gárdaí na fairrge agus do thógadar uatha a gcuid gunna. Do ghluaiseadar ortha annsan chun go dtángadar go dtí Droichead na hÉisge atá leath-slíge idir Gleanna Beithe agus Cathair Sadihbhín. Do tháinig an piléar annsan ortha. D'órduig captaen na bhFinníní do seasamh agus dubhairt se ná dheanfadh. Do scaoileadarpiléar leis agus do leagadar de'n capall é.
- An té a bhíonn síos buailtear cos air. An té a bhíonn suas óltar deoch air
Ní h-é lá na gaoithe lá na scolb
An rud a scríobhann an púca léigheann sé féin é