Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 340
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios ar an mbaile seo taobh linn. I mbaile go dtugann siad Coill na Breach air isead é. Ní lios ana mhór é. Níl aon lios eile sa cheanntar ach é. Tá alán crann agus foithin mor-timceall air. Tá steipeanna ag dul isteach ann. Tá fallaí deasa mór-timceall air istig beanca de chlocha agus tá an lios ag rith fé thalamh suas go Cnoc na Cora. Théigeadh daoine isteach ann fadó chun í bhfeicsint. Siúbhalóchaidí tamall ann ach ní raghaidís ró fada mar bíodh eagla ortha. Cuma ceánógach atá ann. Ní aithneochthá gur lios in aon-chor anois é mar tá gach aon saghas torthaí agus chrann ag fás mór-timcheall air. Bíodh cat le feiscint ann go minic agus is minic a cloistí ceól á seinim ann. Deineadh na seana daoine gur bheadh na daoine maithe a bhíodh ann.Do bhí fear óg ag fiadhach lá le cú agus do dhiúsig sé girrfiad i n-áit éígin mór-timceall na feirmeach. Do bhí an chú indiaidh an girrfide tamall mhaith de'n lá agus ar deireadh do thug an girrfiadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí