Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)

Suíomh:
An Curraichín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (C.)
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “Na Páirceanna inár bhFeirm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Feirmeóir iseadh m'athair. Tá sé i na chomhnuidhe i gCalathanuisge. Siad na páirceanna seo leanas atá aige.

    Páirc na Stácaí
    Is ann a cuiridís a gcuid foghmhair i gcóir an gheimridh fadó mar stór dos na h-aimhnidhthe agus sin é an cuis (?) gur baisteadh Paírc na Stácaí uirthi.

    Páirc an Saighdiúra
    Sé seo na cúis gur baisteadh Páirc an Saighdiura uirthi. Bhí saighdiuir ag obari ag Micheál Mac Cionnaith fadó. Bí sé tar-éis a théarma a thabhairt ins na h-Indiacha. Bhí an pháirc garb lán de chlocha. Do chaith an saighdiúir mí a briseadh. Fé deireadh bheir sé talamh min di.

    Páirc Galldain (?)
    Tá páirc eile againn agus Pairc Galldain is ainm di. Sin é an t-ainm a bhí ar an bhfear gur leis fadó í.

    Paírc na Ceárchan
    Do bí ceádca innti i nar deineadh pící dos na Buachaillí Bána fadó.

    Gáirdin Fhionáin
    Sé an cúis gur baisteadh Gáirdín Fionáin uirthi ná gur le fear dar a b'ainm dó Fionán do beadh an pháirc san aimsir anallód.

    Pairc an Churráin
    Do bhí fear i na chomhnuidhe innti fadó darab ainm dó Tadg Ó Curráin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Curraichín, Co. Chiarraí