Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 313
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí seana bhean ann fado gurb ainm di Peig na Féithe. Seana bhean goirgeach mí-chéatach a beadh (?) í, gan muinntreas, gan carthanacht gan trocaire gan ghrádh. Cailleadh a fear agus dimthig a clann anonn go dtí Aimeiriceá ach aon inghin amháin a fhan sa bhaile gur b'ainm di Máire. Do bíodh Peig sa chúinne gach aon lá ag gearan agus ag fágail bháis mara dheadh. Do bhíodh na cómharsain ag teacht isteach chun í fheicsint agus nuair a cloiseadh sí aenne ag teacht caitheadh sí é féin siar sa chuinne agus leigeadh sí uirthí í féin a beith ana olc. Do tháinig triúr fear isteach oidhche chun ú fheicsint, Seán Fada, Diarmuid Liath, agus Liam Bán a b'ainm dóibh. "Sead a Peigh" arsa duine aca "tá tú ana lag." "Ochón mo mhíle is mo ceó is fada táimse go lag agus go tinn a SheáinTáim ag cailleamhaint mo ghoile.
Agus bím ar buile
Nuair ná ithim a thuile
Na theannta san is uile
Dá siubalóchain trí péirse go leith
Ní féadfainn fileladh.Nuair a bhí an trúir fear tamall ag cainnt le Peig dimthigeadar abhaile. Lá ar na máireach do glaoig Peig ar a hinghean Máire agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí