Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)

Suíomh:
An Curraichín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (C.)
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear cois Mainge fadó darbh ainm dó Uilig Ó Géirín agus ní raibh sé féín agus an sagart ana bhuidheach dá chéile amr ní raibh aon airgead aige le tabhairt do'n sagart.
    Lá amháin chuaidh sé go dtí an sagart chun faoisdin d'fhághail uaidh. Dubhairt an sagart leis imtheacht uaidh ná bhfaghadh sé aon faoistín uaidh, go gcaithfead sé dul go dtí an easbog chun faoistin d'fágháil uaidh.
    Fé cheann cúpla lá tháinig an fear go dtí an easbog agus d'innis sé an sgeul do. Dubhairt sé leis an easbog ná h-éisteócadh an sagart paróiste leis "Cad a dhenis as an tlighe" arsa'n Easbog.
    "Do dheineas faillighe faoistinne agus sior (?) mhór mhóide
    Ag briseadh na saoire agus ag cuing mná phósta
    Go minic am shaoghal gan scilling am' phoca
    Agus ní bhíonn an eaglais sítheach le daoine den tsórt san."

    Nuair a chualaidh an easbog cad dubhairt sé, dubhairt sé leis imtheacht abhaile, agus do scríóbh an easbog go dtí an sagart annsan agus dubhairt sé leis an sagart gan a leithéid sin de duine chur chuige go bráth airís. Ní raibh an sagart ró buidheach don chladhaire nuair a fuair sé leitir an Easboig agus nuair a tháinig

    (lean ar leath a 31)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Séaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Séaghdha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí