Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Spéir
Deirtear mór timcheall nuair a bhionn an spéir cruaidh bíonn aimsear breágh le teacht, agus nuair a bhionn an spéir bog bíonn an aimsear fliuch le teacht.
An Ghrian
Nuair a bhionn an ghrian ana dearg agus í ag dul fé bíonn aimsear breágh ag teacht. Nuair a bhionn an lá go breágh bíonn an ghrian glan agus nuair a bhionn sé fliuch bíonn an ghrian dorcha fé sna scamaill. Nuair a bhionn an ghrian ag dul síos um tráthnóna má bhionn brainnsí uaithe, sin comhartha go bhfuil báisteach ag teacht.
Na Réalta
Nuair a bhionn sioc le teacht bíonn na réiltíní ar lasadh. Tuiteann na réiltíní le linn báisteach a bheith ag teacht.
Na Scamaill
Nuair a bhionn na scamaill ag chlúdach na gealaighe sé sin comhartha go mbeidh aimsear fliuch againn. Má bhuaileann dhá scamall i gcoinnibh a chéile tiocfaidh tóirneach.
An Bogha Leac
Nuair a bhionn bogha leac ins an spéir sé sin comhartha go mbeidh ceatha báistighe againn.- Bailitheoir
- Nora Ní Laighin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Laighin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Curraichín, Co. Chiarraí