Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 127
- XML “An Ceol Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arís air. Thug sé na dearbhacha dubha ná seinnfeadh sé arís é go bráth na breithe. Chualaidh an Cúnseiléir Óg go raibh an Ceól Sídhe ag an píobaire is chuaidh sé chuige is dubhairt leis an Ceól Sídhe do sheinm. “Ní fhéadfainn é ar shaidhbhreas an Domhain” ars an piobaire ”agus ní id’ eiteach é a dhuine uasail” ar seisean. “Tá cúig nóimiti agat is mara seinnfir é sé do cheól ar an gcróchar é” ars an C - óg ag tarrac a pistil amach as póca leis. Ní raibh cead teichte ná tormais ag an fear bocht is do bheir sé ar píobaíbh is do sheinn sé an ceól áluinn ar fad is nuair a bhí greas beag seinnte aige d’imthig an C – óg abhaile sásta acht tháinig an píobaire ar an dtaobh caoch de. Ní h-é an Ceól Sídhe sheinn sé in aon chor acht an Giolla Ruadh.
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí