Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 150
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Chuir sagart ceist ar pháiste lá.”
Donnchadh Ua Súilliobháin Cill Mac Ciarainn 14 bl.
Mícheal Ua Súilliobháin a athairChuir sagart ceist ar pháiste lá. ‘Ciacu don Trionóid is cómhachtaighe’ D’fhreagair an pháiste ‘Bheadh mo sheasamh ar an duine aosta’ Bhí sagart chun leanbh do bhaisteadh tráth agus d’fhiafruig an sagart do athair an leinbh ‘Cé bheadh mar athair baistidhe’ “Ó, Seámus Óg” ar seisean. “Tá cruinn” arsa an Sagart.(gan teideal)
“Bhí fear ag teacht abhaile ón gcathair agus é ar meisge.”
Siobhán Ní Mhuircheartaig Cill Mac Ciarainn 13 bl.
A h-athair Partalán Ua Muircheartaig 48 bl.Bhí fear ag teacht abhaile ón gcathair agus é ar meisge. Chuaidh ar seachrán i gcoill isteach agus do bhuail i gcoinnibh crainn. Annsan dubhairt sé ‘Gabh mo leath sgéal, a dhuine uasail’ mar cheap gur duine uasail bhí ann.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cill Mhic Iarainn Thiar, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Partalán Ua Muircheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- Cill Mhic Iarainn Thiar, Co. Chiarraí
(gan teideal)
“Sa tseana shaoghal fadó bhídís ag cur lín a bhogadh i bpoll portaigh agus ba mhinic dóibh ag goid ó na chéile.”
Sa tsean shaoghal fadó bhídís ag cur lín á bhogad i bpoll portaig agus ba mhinic dóibh ag goid óna chéile. Bhí fear ann darab ainm do Tadhg Ó Laoghaire agus dúil ró-mhóir i dtobac aige. Dubhairt le cómharsain go dtabharfad sé oidhche i bhfeighil an lín acht dóthain tobac a thabhairt do. Tráth san oidhche agus é i bhfeighil an lín tháinig fear chuige agus beart chamáin ar a dhrom. Chaith de thúirt ar an dtalamh iad. Bhí fear agus fear ag teacht agus gach éinne ag breith ar chamán fé mar a thagaidís go dtí gur tháinig an fear déidheannach agus dubhairt Tadhg ‘Ní córa dhíbh ná dhómhsa’ agus do bheir ar chamán mar fear agus do réidhtigheadar cluiche eatortha. An taobh go(leanann ar an chéad leathanach eile)