Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 157
- XML “Scéal Faoistine”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal FaoistineFear a bhí ann fadó agus do ghuid sé muc ó dhuine des na cómharsanaibh. Ón aonach a ghoid sé an mhuc. Bhí an sgéal go maith aige gur cuimhnigh sé ar dhul chun faoistine agus bhí eagla a chroidhe air roimis an sagart go marbhóchadh sé é. Bhuail sé isteach sa bhosca chun an t-sagairt agus do thosnuigh ar a sgéal a innsint do - na mion rudaí ar dtúis mar a deineann na h-aoinne. ‘I gceann tamaill’ ar seisean leis an sagart. “Do ghoideas súgán, a Athair.” Scaoil an Sagart leis agus i gceann tamaill eile dubhairt sé an rud céadna. “Dhera má dheinis féin” ars an Sagart “níor mhór an díoghbháil é sin.” Dubhairt sé an rud céadna an tríomhadh uair. “Dhera greada chughat, nár innsis é sin dhá uair cheana dhom” ars an Sagart. “Á” ars an fear “bhí muc i n-achrann i gceann de tá’s agat.”
(gan teideal)
“Tá cois abhann síos ann Agus cois abhann aníos ann...”
Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhuibh
- Inscne
- Baineann