Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 174](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0474%2FCBES_0474_174.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 174
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 174
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)1. Deineann gach moch a ghnó
2. Is fearr beag deas ná mór gránda
3. Ní maireann beó gan biadh
4. Níl íseal ná uasal ná bíonn shíos seal agus shuas seal
5. Is mairg a thugann droch mheas don óige
6. Is minic a tháinig inghean maith ó droch mháthair
7. Teich ón gcath is stad ón gcioth
8. Is fearr mion chuardach ná cuairdach fairsing
9. Is maith an scáth an tor go sileann sé
10. B’fhearra do dhuine céard tinncéaracht ná feidhmeannas duine uasail
11. Is mairg a thugann rogha dá chómharsain
12. Fearrde do rún gan fios fhághailt
13. Ní bhíonn sprid ná púca gan fios a chúise féin aige
14. Ag lorg an mhadra is gan fios a dhath aige
15. Ní théigheann dlighe le riachtanas
16. Trí nídh nách comhartha iad do bheith bláthmnhar – capall samhraidh, bean Domhnaig nó bó aonaig
17. Ceann cíortha a dhíolann na cosa
18. Dá mbeadh gach éinne macánta bheadh a lán gan slighe bheatha
19. An té is reimhre caoirig is air a’ ghuidheann na bráithre
20. Sé an sgéal á innsint don chapall é agus an capall ‘na chodhladh
21. Gach muc mar a fallaig
22. Is olc an t-adhbhar suaimhneas an t-ocras
23. Fearthainn do laogh is gaoth do shearradh
Uisce do ghé is déirc do bacach
24. Níl ins an t-saoghal seo acht tréimhse mí-ádhmhaireach
Is gan cunntas éinne ó indiu go dtí amáireach(leanann ar an chéad leathanach eile)