Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 219
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna1. Droichead ar loch gan maide gan cloch – Leac oidhir
2. Is aoirde é na chaisleán acht raghadh sé fé béal chupáin – An Gealach
3. Máirín sa gháirdín agus a chlóichín ar sileadh léi – Tor cabáiste
4. Féach suas, mo chómh aos – Mo mhéar
5. Cuardigheas is fuaireas is bhfuirist dom é fhághailt. Rud ná fuair Dia is nár bhféidir leis d’fhághailt – Máistir
6. Cad a ritheann gan cosa - Uisce
7. Bíonn sa móinféar is ní gearrtar é
Bíonn san abhainn is ní báidhtear é
Bíonn sa tsiopa is ní díoltar é – Grian
8. Bíonn sí soir is bíonn sí siar
Bíonn sí i ngáirdín Baile Átha Claith
Is mó a greim na greim capaill
Is ní itheann aon fhéar – Speal
9. Fear fada dubh ag seasamh sa tor
Gan focal ‘na phluic acht duigí ó dug – Croch
10. Lán na páirce do ghamhnaibh bána. Bó mhór dhearg eatortha istigh – Teanga agus fiacla
11. Teachtaire thar chnoc anoir
Is é ag innsint a sgéal gan feóil gan fuil – Litir
12. Cad é go mbíonn cheithre cosa ar maidin aige, dhá chois i lár an lae agus trí chosa tráthnóna –
Leanbh ar a lámhaibh
Fear óg ag siubhal
Sean duine le bata