Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(6) An CarrghlasÓ Ceádaoin na Luaithrig go Satharn Cásga
Aimsir throsgaidh agus threighnis
(7) Dhá lá déag na Nodlag:
Ón 25adh lá Nodlag go lá Nodlaig bheag
(8) An Cháisg:AtharrachDeirtear Domhnach na Pailme agus Satharn Cásca go mbíonn an ghrian ag rinnce le háthas - Féilí agus NósaLá le Stiopháin
Tá de nós ag buachaillíbh óga dul le tor cuillinn 'na mbíonn dreóilín marbh ó thigh go tigh ag bailiú an maidean sin. Bíonn an tor go gléásta le ribíníbh.
Canaid ins gach tighDreóilín a fuaireas sa thíos ar an Innse
Fé bhrághaid cairrge agus carabhat síoda air.
Thugas sa díbh é a lánamha an tighe se
'S go mba seacht mbfearr sibh um an dtaca so arís chughaibhLá le Brighde:
Tá mar nós ag daoinibh fásta dul timcheall daiththe le punann coirce agus turnap greanta mar Bhríghdeóg. Bídh ag lorg cabhrach ins gach tigh