Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siobhán Ní Muircheartaig a h-athair 60 bl. Cill mac CiarainnDíol agus Ceannach
Airgead:
1. Ní raibh airgead ró fhlúirseach timcheall na h-áite seo
2. Bhí ortha im agus cruithneacht do dhíol agus na h-aon nídh eile ar a mbeadh aon áird dóibh féin, chun an chíosa a dheunamh.
3. Ní raibh an t-airgead ar aon chuma leis an airgead anois.
4. Tháinig an chéad pingin go dtí an áit seo ochtmóghadh bliadhain ó shoin.
Díol:
1. Bhí daoine ag díol i Máighistir Gaoithe agus i n-aice Séipéal Naomh Fhíonáin tar éis Aifreann
2. Bhíodh té, siúicre, mísleáin agus plúr ann
3. Ghabhadh timcheall fir le lón tighe agus bheidís súd ag ceannach ubh agus ime.
Ceannach:
Aontaighe ó Aimsir an Connailligh gan díol as an bpáirc.
Marcáil le
1. Gearradh le siosúr – beithidhig
2. Stríoc gorm
3. Tarra
4. Ribíní
5. Córda más cómharsa
Margadh – Bualadh bas
Marcáil muc le gearradh scine
Banbh lathach
Smeara na trucailleach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhan Ní Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí