Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do rugadh fear d’árbh ainm Seán Ó Súilliobháin i gCurrach Mór agus do’b é an spealadóir dob bfearr a bhí ins an oileán le’n a linn agus is ins an am san a bhí na tighearnaí talmhan in Éirinn.Bhí baintreach ins an Oileán agus bhí sí go fíor-bhocht. Bhí truagh ag an dtíghearna di agus dúbhairt sé léi go dtabharfadh sé an méid féir di is a bhainfheadh spealadóir in aon ló amháin.Ní raibh fhios ag an mbaintreach cá bhfaighfeadh sí spealadóir maith agus dúbhairt ceann de’s na comharsain léi mar gheall ar an spealadóir maith a bhí i gCurrach Mór.Chuaidh sí go dtí a thig agus d’iarr air teacht agus an féar do bhaint.Lá ar na mháireach do tháinig sé agus do thosnuigh sé ar an bhféur do bhaint ar a dhícheall. I rith an lae do chonaic bean an tighearna go mbeadh an féur go léir a bhí san bhfeirm bainte aige roimh tráthnóna acht bhí sé ortha an margadh do chómh-líonadh.Ní raibh fhios aici conus stop do chur leis acht i deireadh na dála do chuimhnigh sí ar sheift agus do’b é sin ná é do chur ar meisge. Do glaoidh sí isteach air ag do thug sí gloinne biotáile do acht níor chur san stop leis do thug sí trí nó cheithre gloinne eile dó acht ní féadfadh sí stop do chur leis mar an fhaid is a bhí sí ag tabhairt an biotáile bhí sé a obair níos déinne.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Padruig Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caol, Co. Chiarraí