Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí siad ag snámh do chuaidh seachtar síos agus do thosnuig an chuid eile ag feaduíol agus thánaig bád na gCathallach chútha agus do thógadar suas dárdhéag.Ar maidin an ceatharamhadh lá déag bhí na daoine ar Aifrionn agus chonnacadar an dream daoine ag teacht chuthu agus iad ag gol agus bhí fhios ag na daoine go raibh an chuid eile caillte.Annsan do thosnuig siad ag paidiróireacht. Do chuaidh an bád amach arís chun na fir eile d’fághailt agus do chonnaic Tadhg Ó Cathaill fear ag dul síos agus do thóg sé greim ar a cheann agus bhí sé maol agus ní raibh sé ábalta ar é do thógaint aníos.Annsan do thosnuigheadar ag dul abhaile agus do thosnuigheadar ag féachaint ag lorg an báid agus ní rabhadar ábalta ar greim a thógaint ar an mbád. Chuadar abhaile agus tráthnóna an lae sin glaodhach ortha go Gleann Liaim agus do thug fear éigint púnt agus bonn do gach duine a shábháil na fir. Lá ar na mháireach fuair duine an bád agus na maidí-rámha agus iad caithte isteach ar an ngairbhéal ar chósta Beiginnis agus do thóg sé an bád go dtí an oileán agus tá sé ann thoin.
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séarlas Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí