Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scoil Scairte.
Bhí fear ó Neidín darb ainm dó Pádraig Ó Súilleabháin san oileán seo tímcheall na bliadhna ocht gcéad déag agus trí fichid.
Go Leath-Fhearann a chuaidh sé ar dtúis agus bhíodh sé ag múineadh san áit sin i gcuas éigin i bpáirc go raibh poithin mhaith tímcheall a gclaidheacha agus bhí saghas botháin aige chun na leabhra do choimeád.
Scilling sa tseachmhain a thabharadh na scoláirí dó mar phádh acht thabharadh na feirmeóirí prátaí nó bainne dó uaireannta in ionad na scillinge.
Bhí sé ag múineadh san áit sin agus in áiteanna mór thimpeall ar feadh tamaill acht nuair a bhí sé aosta chuaidh sé go dtí tigh duine a bhí cáirdeamhail leis, agus mhair sé ann go deire a shaoghail ach níor chuaidh sé ag múineadh a thuille mar bhíceann dá scoláirí ag múineadh 'na ionad.- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Chonchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí