Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 152](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0479%2FCBES_0479_152.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 152
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Coinneal agus Coinnleóir ann agus Cuirse leath-Bheann air sin”.Nuair ná bhíodh ar a gcumasg aoinne í do b’feagairt do marbhuigheadh sí é.Oidhche amháin tháinigh fear an treó sin, agus do chuir sí an cheist air trí uaire agus dúbhairt an fear léi.“B’fearra dhuitse bheith i bFlaitheas Dé ná bheith mar shamhail annseo.Annsan do chuir sí an cheist air arís agus dúbhairt sé léi “Muileann ar dhá thaobh de’n abhainn agus ní bheireann sé thall ná shuas.”Annsan do chuir sí an cheist air an treas uair, agus dúbhairt sé léi “An t-adhmad a gheárfaidhe roimh Samhain do chuireadh droch-cheann ar tigh.”Do shábháileadh an fear agus ní fheaca aoinne an samhail riamh ó shoin.Sa chúinne a bhíodh an samhail le feiscint tá an áit fíor ghlas sa Samhradh agus sa Gheimhreadh mar deirtear go raibh an áit sin glas ó fuil na ndaoine go mór mhór mac baintríghe do mharbhuigheadh ann.
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhurcadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cormac Ó Mhurchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí