Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)
- Suíomh:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Partolan Ó Gríbhthín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 167](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0479%2FCBES_0479_167.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 167
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má's fíor é gur tháinig dhein sé an scrios céadna ann agus a dhein sé i nDroichead Átha acht d'éalaigh triúr fear saor as an áit.Thóg sé an áit, agus b'é Tigh an t-Solais agus Ceann Brí na príomh callaphuirt a bhí aige, agus mar sin do úsáid sé "Bóthar na Cairte."Do úsáid cuid de's na ndoaine leis é le linn an Ghorta Mhóir nuair a bhídís ag dul go dtí an galtán a thagadh isteach in áit in-aice le Tigh an t-Solais chun roinnt mine d'fágailt.Tá cúpla bóithrín eile ag bualadh isteach ann, agus táid ana uaigneach, agus tá "Bóthar na Cairte" féin uaigneach leis.Cloistear an bean sídhe ann uaireantna. Deirtear go dtagann an bhean sídhe síos "Cúin (?) an Easpoig" treasna an Ghóilín suas bóithrín chómh fada le Bóthar na Cairte. Téigheann sí soir beagan fán an bhóthar annsan treasna Cnoc Cúil agus Bádh an Dhaingin amach.Deirtear gur ceann de's na ceithre bóithre a bhí in Éirinn fadó é.Dar le daoine áirithe bhí Oileán Dairbhre ceangailte le Beag Innis fadó agus bhrí sé sin ceangailte le Baile Uí Cáirbre, agus mar sin sroiseann Bóthar na Cairte Baile Átha Cliath.Deirtear go raibh muinntear an oileáin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí