School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)
- Location:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo scéal d'innis fear taisdil éigin do sheana Owen Dudley i mBaile 'n Chalaidh fadó - fear bocht siubhail ab eadh é. Bhí sé (an fear siubhail) theas in áit éigin - pé áit a bhfuil Teampall Chill a' Mumhan. Bhí fear in aimsir ag feirmeoir san áit sin agus do fuair sé bás, agus ní raibh fhios aca cén áit ar cheart é chur. Bhíodar istigh ag an tórramh an oidhche seo agus tháinig bean isteach, agus bhí a gúna suas thar a ceann aici. Do shuidh sí ar stól agus níor labhair sí gíog an chéad oidhche. Tháinig sí arís an tarna oidhche, agus do shuidh sí san mball chéadna agus níor labhair aoinne léi mar níor aithin aoinne í. Do labhair sí féin ar deireadh agus seo mar a dubhairt sí:-Mo chara thú 'gus mo rún,
Agus tá glaoidh an choilligh chugham,
Agus caithfead-sa bheith ar siubhal
Agus cé bhéarfaidh mo dhritheár chugham,
Go dtí Teampall Chill a' Mumhan.
Do bhí fhios ag fear an tighe(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Gender
- Female
- Address
- Cill Mhichíl, Co. Chorcaí