School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
![The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 079](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0338%2FCBES_0338_079.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 079
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá abha mhór i gContae Chorcaí agus tá poll ’na haice ar a dtugtar Poll na Caillí agus mar seo a fuair sé an ainm.
Do bhí cailín ann agus bhí sí pósta. Firín gan bhrí a bhí mar chéile aici agus ní raghadh sé ag obair amach ins na páirceanna mar gach aon fhear eile agus chaith a bhean obair na feirme do dhéanamh.
Mar sin féin dheineadh sé obair an tí go maith agus go slachtmhar, ach ní raibh a bhean sásta leis sin. Do chuimhnigh sí ar sheift. “A Shéamais,” ar sise leis lá, “tair liom agus raghaimíd treasna na habhann go Páirc na Sailí”. Do chuadar le chéile agus thugadar aghaidh ar an abhainn. Nuair a bhíodar i lár an átha thug sí cor coise dó agus thit sé isteach san abhainn ar mhullach a chinn agus bádh é.
Tamall na dhiaidh sin bhí an bhean ag obair ar an bhfeirm i rith an lae agus nuair a tháinig sí abhaile(continues on next page)- Collector
- Peigí Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Na Curraithe, Co. Chorcaí