Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí máighistir scoile in gCaol Cill fadó dárab ainim do Donnachad Ua Súileabháin. Do bhí ceann capaill aige. Ceann mór trom ab eadh é, agus an scólaire is measa a bhíodh sa scoil chaithfheadh sé an ceann a thabhairt abhaile leis i gcóir na h-oidhche.
Aon tráthnóna amháin thug mac Dhiarmuda Uí Shúilleabháin an ceann abahile leis. Gabha ab eadh Diarmuid. Ar maidean lár na mháireach dúbhairt Diarmuid leis an garsún an ceann a thabhairt leis agus "ná feicim airís é" ar seisean. An tarna oidhche fuair an garsún an ceann airís. Nuair a chonnaic an t-athair an ceann rug sé air agus chuir sé ar an inneóin é agus dhein sé míle píosa dhe leis an órd. Nuair d'airig an máighistir mar gheall ar an mbriseadh dhein sé amhrán na thaobh.
Ar airigheabhair an sceul úd a thuit amach le deanaighe ar an gCairrig.
Gurabh é Diarmuid Ua Súilleabháin gleasta do mhairbh mo réice breágh chapaill.
Do bhuail sé le pleasg é go trom ins an [?]
Is níor bhfada gur claothlig a dhearca.
Ar a raibh d'ór agus d'airgead ag Solomon is ag Ceasair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí