Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuille eile do chuirfidis ag gáirí thú. Má's féidir in aon cor é geigheann greim ar asal éigin, téigheann an captain ag marcuigheact air,
Nuair a bhíonn gach aon rud i dtreo, tugann siad aghaidh ar an mbaile agus iad ag séideadh is ag bualadh is ag greadadh i dteannta chéile agus ana ghleo ar suibhal aca. Stadann os cómháir na dtighthe, deineann greas ceoil agus babhta rinne. Ansan buaileann siad ar na dóirse agus rann mar seo dhá rádh aca:-"Dreóilin, dreóilín rí na n-éan, Lá le Stíopháin a fuair greim ort féin.
Má tá tú beag is mór é do chlann
Go mbeadh áthas oraibh a bhuachaillí agus a cháilíní
Tabhair conghnamh éigin don dreóilín bocht
Tá bosca fé m'ascail agus tá sé folamh
Pingin no dhó ní dhéafadh sé aon díoghbháil díobh,
Suas leis an gciotal agus síos leis an bpota,
Ac tabhair dom freagra agus leig dom saor." Tar éis an turais ar na sráideanna go léir éirigeann siad as. Roineann an captain an t-airgeadh go comhthrom ortha go léir. Ansan téigeann siad abhaile ana sásta leo féin.- Bailitheoir
- Eílís Ní Súirdáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí