Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)

Suíomh:
Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Múinteoir:
An tSr. De Pazzi
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0320, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “An Fathach ó Éirinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    é ag dul fé dhein lampa na sráide, ag baint an bharr de agus a phíopa á dheargadh. Tá sé ráidte leis, gur thóg sé tigh in aice le Tig na Cúirte agus gur chuir ceann air gan congnamh dreimire nó scafal ar bith. Bhí an tig úd na sheasamh go dtí cúig bliadhna is fiche ó shoin nuair a thuit sé as a chéile. San gcuma gcéadna dhéin sé séileál tighe mór eile do phlástráil.
    Ní raibh sé ac fiche bliadhain d'aois nuair tánaig taisbeántas go Cionn t-Sáile agus chuaidh Pádruig leis na stóinseirí mar dhuine acu. Ghluaiseadar chun siubhal agus stad níor dheineadar gur bhaineadar amach cathair Lundain. Théigheadh na daoine 'na sluaighte cun an taisbeantais dfhonn radharc d'fhágail ar "An Fathach ó Eirinn" fé mar a tugadh air. Níor b'fhada gur éirigh sé saidhbhir go leor dá bhárr san. Deirtear gur bhronn sé airgead cun séipéal do thógaint i gcathair Lundain.
    Fé dheire thiar thall do theip ar an tsláinte aige agus d'eagh sé i mBristó agus gan é ac 46 bliadhain d'aois. Nuair a mhothuig sé an bás ag druidim leis d'iarr mar athchuinghe go gcuirfí bolltaí iarainn ar béal a uaige nuair a bheadh sé fé'n bhfód, i dtreo is ná feadfadh na doctuirí bheith ag obair ar a chorp. Is soiléar gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Criostína Ní Bhuachalla
    Inscne
    Baineann